Leathanach 1 de 22
Faoin bhfoirm seo
Ba mhaith linn cabhrú leat iarratas a chur isteach ar an deontas nó ar na deontais atá
ag teastáil uait ag baint úsáide as an bhfoirm seo. Chun é seo a dhéanamh, inseoimid
duit ar dtús faoi cheithre rud:
a) Na deontais is féidir leat cur isteach orthu ag baint úsáide as an
bhfoirm seo;
b) Nariachtanaisatáannchunnadeontaisaáil;
c) Seicliosta le haghaidh doiciméad atá le seoladh leis an bhfoirm seo;
d) Cénáitarchóirduitanoirmchomhlánaitheasheoladh.
Is ú an fhoirm seo a léamh go cúramach roimh a líonnann tú isteach í. Cén fáth? Mar
sábháilfaidh tú am agus cabhróidh sé linn d’iarratas a phróiseáil níos tapúla. Is féidir
leat an fhoirm a líonadh isteach tú féin nó cabhair a fháil ó dhuine a bhfuil aithne agat
orthu agus muinín agat astu a líonfaidh an fhoirm seo isteach duit. Beidh ortsa, áfach, í
a shíniú agus a dhearbhú go bhfuil an t-eolas go léir inti ceart agus fíor ar lch 19.
Ceisteanna? Má tá ceist agat féin nó ag an té atá ag cabhrú leat an fhoirm seo a
líonadh isteach, déan teagmháil le d’údarás áitiúil agus cabhróidh siad leat.
Foirm Iarratais
Deontas um Oiriúnú Tithe
do Sheanóirí agus do
Dhaoine faoi Mhíchumas
Leathanach 2 de 22
a) Deontais ar féidir leat cur isteach orthu ag baint úsáide as an bhfoirm seo
Tá trí dheontas ar fáil do sheanóirí agus do dhaoine faoi mhíchumas chun cabhrú leo a dteach
a dhéanamh níos sábháilte agus níos éasca bogadh timpeall ann. Is iad na deontais ná:
1. DeontasumOiriúnúTithedoDhaoinefaoi
Mhíchumas
(lch 3-4)
2. DeontasÁiseannaSoghluaiseachta (lch 5)
3. DeontasCúnaimhTithíochtadoSheanóirí(lch 6-7)
b) Riachtanais chun an deontas a áil
Ní mór don duine atá chun an deontas a fháil:
Faomhadh a fháil don iarratas ar dheontas sula dtosófaí ar an obair sa teach;
Bheith ina chónaí sa teach nuair a chuirfear críoch leis an obair;
Ord and eagar a bheith ar a chúrsaí cánach;
Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith acu má tá níos mó ná €10,000 ar luach an
deontais;
Taispeán go bhfuil Cáin Mhaoine Áitiúil in ord.
c) Seicliosta le haghaidh doiciméad atá le seoladh leis an bhfoirm.
Chun go mbeidh sé níos éasca duit na doiciméid go léir a fheiceáil atá le seoladh leis an
bhfoirm seo, tá seicliosta ar lch 20. Cuimhnigh nach mór duit cruthúnas ar d’ioncam a
sheoladh chun go bhfeicfí méid an deontais is féidir leat a fháil. Le haghaidh deontais 1 agus
2 beidh ar dhochtúir an chuid a bhaineann le Teastas Dochtúra a líonadh isteach ar lch 17-
18. Léigh an seicliosta seo – b’fhearr é a léamh roimh tosú ar an bhfoirm a líonadh amach
agus déan cinnte de go seolann tú gach doiciméad in éineacht leis an bhfoirm iarratais
chomhlánaithe.
d) Cén áit ar chóir duit an oirm chomhlánaithe a sheoladh
Ní mór duit iarratas a chur isteach go dtí d’údarásáiúil ag baint úsíáde an fhoirm seo le
haghaidh aon cheann de na deontais seo. Is féidir leat an fhoirm seo a líonadh isteach uair
amháin agus í a úsáid chun cur isteach ar níos mó ná deontas amháin. Má tá aon cheist agat,
téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil agus cabhróidh siad leat.
Leathanach 3 de 22
1 Deontas um Oiriúnú Tithe do
Dhaoine faoi Mhíchumas
Cé dó an deontas seo?
Tá an deontas seo le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas siciúil, céadfach, meabhrach nó
intleachta. Tá sé ann le haghaidh athruithe móra is gá duit a dhéanamh i do theach.
Cén saghas ruda atá i gceist leis an deontas seo?
D’fhéadfadh do theach cáiliú don deontas seo tá na rudaí seo a leanas fíor:
Tá an teach faoi únéireacht phríobháideach (is leatsa é nó le do chlann);
Tá an teach ar cíos ó thiarna talún, agus is féidir leat comhaontú tionóntachta a sholáthar
atá cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB), agus tá cead tugtha ag an
tiarna talún na hathruithe a dhéanamh;
Chuir Comhlacht Ceadaithe Tithíochta an teach ar fáil (tá liosta de Chomhlachtaí
Ceadaithe Tithíochta le fáil ag www.housing.gov.ie);
Is teach cónaithe comhroinnte é- cóiríocht ina bhfuil daoine ina gcónaí le chéile i dtithe
grúpaí.
Cén saghas ruda atá i gceist leis an deontas seo?
Is féidir leat an deontas seo a úsáid chun feabhas a chur ar an rochtain i do theach trí na rudaí
seo a chur isteach ann:
rampa rochtan nó bealaí eile chun dul isteach sa teach;
greimráillí;
áiseanna seomra folctha cosúil le cithfholcadán inrochtana, leithreas thíos staighre;
cathaoir staighre;
spás le haghaidh rochtain do chathaoireacha rothaí;
síneadh (de ghnáth ar seomra leapa agus/nó seomra folctha le haghaidh duine faoi
mhíchumas).
Measúnú ó Theiripeoir saothair
Beidh ar theiripeoir saothair measúnú a dhéanamh ort má tá tú ag cur isteach ar aon cheann
de na rudaí seo a leanas:
Athrú mór ar an úsáid a bhainfear as seomra i do theach;
Cathaoir staighre;
Síneadh.
Déantar é seo chun cinnte a dhéanamh de go ndéanfar an obair cheart i do theach chun
freastal ar na riachtanais atá agat.
Más amhlaidh go ndearna teiripeoir saothair ón FSS measúnú ort le déanaí, tabharfaidh siad
cóip duit den mheasúnú chun é a chur leis an bhfoirm chomhlánaithe seo.
Leathanach 4 de 22
Is féidir leat an measúnu seo a fháil freisin ó theiripeoir saothair príobháideach. Má éiríonn le
d’iarratas ar dheontas, íocfaidh an t-údarás áitiúil suas go €250 de chostas an mheasúnaithe
seo mar chuid den deontas.
Mura ndearna teiripeoir saothaoir measúnú ort, is féidir leis an údarás áitiúil é sin a shocrú
duit nuair a bheidh d’iarratas faighte.
Cad é méid an deontais?
Braitheann sé. Clúdaíonn an deontas roinnt den obair atá riachtanach ach ní chlúdaíonn sé
an obair go léir. Braitheann an méid airgid a gheobhaidh tú ar d’ioncam teaghlaigh. Ní mór
duit an t-eolas seo a sholáthar ar an bhfoirm seo ag lch 14. Tá roinnt liúntais ann ar féidir iad a
bhaint de d’ioncam teaghlaigh. Míneoimid iad seo ar lch 8.
Is é an t-uasmhéid ar féidir leat a fháil ná €30,000 nó 95% de chostas iomlan na hoibre atá
faofa ag an údarás áitiúil (pé acu is lú).
ta: Níl deontas ar fáil má tá ioncam teaghlaigh níos mó ná €60,000 ann, tar éis na liúntais
seo agus na neamhairde a chur i bhfeidhm.
Má thuileann tusa agus na daoine ata i do theaghlach €60,000 nó níos lú, tar éis na liúntais
seo a bhaint, is féidir leat an tábla thíos a léamh chun an t-eolas iomlán a fheiceáil maidir le
méid an deontais ar féidir leat a fháil.
Ioncam teaghlaigh
bliantúil
Céadtadán den
chostas
Uasmhéid deontais
do thithe a tógadh
níos mó ná 12 mhí ó
shin
Uasmhéid deontais
do thithe a tógadh
laisgh den 12 mhí
atá díreach thart
Suas go €30,000 95% €30,000 €14,500
€30,001 – €35,000 85% €25,500 €12,325
€35,001 – €40,000 75% €22,500 €10,875
€40,001 – €50,000 50% €15,000 €7,250
€50,001 – €60,000 30% €9,000 €4,350
Os cionn €60,000 Níl aon deontas le
híoc
Níl aon deontas le
híoc
Níl aon deontas le
híoc
Rudaí nach gclúdaíonn an deontas
Ní chlúdóidh an deontas costais CBL na hoibre. Is féidir leat an CBL a éileamh ó na
Coimisinéirí Ioncaim nuair a bheidh an obair íoctha agat (féach ar www.revenue.ie le
haghaidh tuilleadh eolais).
Sampla
Má tá ioncam teaghlaigh de €45,000 agat tar éis na liúntais seo a bhaint agus tógadh do
theach níos mó ná bliain ó shin, gheobhaidh tú deontas ar 50% de chostas na hoibre agus
beidh uasmhéid de €15,000 ar an obair sin. Ciallaíonn sé sin má chosnaíonn an obair ar an
teach €32,000 gan CBL a áireamh, ní chlúdóidh an deontas ach €15,000 agus ní €16,000.
Is féidir leat ansin CBL de €4,320 a éileamh ar ais (32,000 x 13.5%) ó na Coimisinéirí
Ioncaim.
Leathanach 5 de 22
2 Deontas Áiseanna Soghluaiseachta
Cé dó an deontas seor?
Tá an deontas seo ann do sheanóirí agus/nó do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil deacracht acu
bogadh timpeall an tí de bharr fadbhana soghluiseachta.
Cén saghas  atá i gceist leis an deontas seo?
D’fhéadfadh do theach cáiliú don deontas seo tá na rudaí seo a leanas fíor:
Tá an teach faoi únéireacht phríobháideach (is leatsa é nó le do chlann);
Tá an teach ar cíos ó thiarna talún agus tá comhaontú tionóntachta reatha ann, agus tá cead
tugtha ag an tiarna talún na hathruithe a dhéanamh;
Chuir Comhlacht Ceadaithe Tithíochta an teach ar fáil (tá liosta de Chomhlachtaí
Ceadaithe Tithíochta le fáil ag www.housing.gov.ie);
Is teach cónaithe comhroinnte é- cóiríocht ina bhfuil daoine ina gcónaí le chéile i dtithe
grúpaí.
Cad is féidir liom a dhéanamh leis an deontas seo?
Is féidir leat an deontas seo a úsáid chun feabhas a chur ar an rochtain i do theach trí na rudaí
seo a chur isteach ann:
greimráillí;
rampa;
cithfholcadán inrochtana;
cathaoir staighre.
Measúnú ó Theiripeoir saothair
rinne teiripeoir saothair ón FSS measúnú ort le déanaí, tabharfaidh siad cóip den
mheasúnú duit chun é a chur leis an bhfoirm chomhlánaithe seo.
Is féidir leat an measúnu seo a fháil freisin ó theiripeoir saothair príobháideach. Má
éiríonn le d’iarratas ar dheontas, íocfaidh an t-údarás áitiúil suas go dtí €250 de chostas an
mheasúnaithe seo mar chuid den deontas.
Mura ndearna teiripeoir saothaoir measúnú ort, is féidir leis an údarás áitiúil é sin a shocrú
duit nuair a bheidh d’iarratas faighte.
Cad é méid an deontais?
Braitheann sé. Is é an t-uasmhéid ar féidir leat a fháil ná €6,000 nó costas iomlán na hoibre
atá faofa ag an údarás áitiúil (pé acu is lú). D’fhéadfadh sé go clúdóidh an deontas seo 100% de
chostas na hoibre, suas go dtí uasmhéid de €6,000.
Tá roinnt neamhairde agus liúntais a d’fhéadfadh an t-ioncam teaghlaigh a laghdú agus a
chuireann d’údarás áitiúil san áireamh. Tá míniú tugtha orthu siúd ar lch 8.
ta: Níl deontas ar fáil má tá ioncam an teaghlaigh don bhliain cánach roimhe sin níos mó ná
€30,000 nuair a chuirtear na neamhairde agus na liúntais i bhfeidhm.
Cad nach bhfuil clúdaithe sa deontas
Ní chlúdóidh an deontas costais CBL na hoibre. Is féidir leat an CBL a éileamh ar ais ó na
Coimisinéirí Ioncaim nuair a bheidh an obair íoctha agat. (féach ar www.revenue.ie le haghaidh
tuilleadh eolais)
Leathanach 6 de 22
3 Deontas Cúnaimh Tithíochta
do Sheanóirí
Cé dó an deontas seo?
Ta an deontas seo ann do dhaoine 66 bliain d’aois nó níos mó chun deisúcháin riachtanacha
a dhéanamh, ionas go mbeidh siad ábalta leanúint orthu ag cónaí ina dtithe féin. Uaireanta
tugann údaráis áitiúla deontas do dhaoine atá faoi bhun 66 bliain d’aois, ach ní tharlaíonn sé
seo ach amháin i gcásanna cruatain.
Cén saghas  atá i gceist leis an deontas seo?
Teach atá faoi úneireacht phríobháideach agus:
ar leis an seanóir é; nó
go bhfuil an ceart ag an seanóir cónaí sa teach ina ndéanfar an obair (ceart cónaithe).
Cad is féidir liom a dhéanamh leis an deontas seo?
Is féidir leat an deontas seo a úsáid chun deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh , mar shampla:
chun cabhrú an díon a dheisiú nó ceann nua a chur suas;
an sreangú leictreach a uasghrádú;
doirse agus fuinneoga a dheisiú nó cinn nua a chur isteach;
teas lárnach a sholáthar (áit nach bhfuil aon teas lárnach ann nó má tá sé briste agus ní
féidir é a dheisiú go heacnamaíoch).
Riachtanais speisialta don deontas seo
Ní gá duit aon doiciméad dochtúra a chur ar fáil, mar tá sé bunaithe ar bhail do thigh, agus
cé chomh práinneach is gá na deisiúcháin a dhéanamh. É sin ráite, má tá práinn ag baint le
d’iarratas de bharr faidbhe sláinte, beidh ort an mhír Teastas Dochtúra den fhoirm seo a
líonadh isteach ar lch 17-18.
Más gá: Beidh ort lir nó tuairisc a chur chuig d’údarás áiúil…
1 Díon nua a chur in áit an
tseandín
lir ón do chomhlacht árachais ina bhfuil sé ráite nach
gclúdaíonn do pholasaí na deisiúcháín.
2 An sreangú leictreach a
uasghrádú
tuairisc ó leictreoir a chuireann síos ar na deisiúcháin atá
riachtanach. Ní mór don leictreoir seo a bheith cláraithe le
Clár Chonraitheoirí Leictreachais na hÉireann.
3 An córas teasa lárnach
atá ann anois a
uasghrádú
tuairisc ó chonraitheoir teasa ina bhfuile sé ráite nach
féidir an córas teasa reatha a dheisiú go heacnamaíoch.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil sé cost-éifeachtúil é a dheisiú
agus gurbh fhearr córas nua a chur isteach.
Leathanach 7 de 22
Cad é méid an deontais?
Braitheann sé. Clúdaíonn an deontas roinnt de chostais na hoibre ach ní chlúdaíonn sé an
obair go léir. Braitheann an méid airgid a gheobhaidh tú ar d’ioncam teaghlaigh don bhliain
cánach roimh sin. Ní mór an t-eolas seo a sholáthar ar an bhfoirm seo ar lch 14. Tá roinnt
neamhairde agus liúntais ann a d’fhéadfadh an t-ioncam teaghlaigh a laghdú agus a chuireann
d’ údarás áitiúil san áireamh. Tá míniú tugtha orthu siúd ar lch 8.
Is é an t-uasmhéid is féidir a fháil ná €8,000 95% de chostas iomlán na hoibre atá faofa
ag d’údarás áitiúil (pé acu is lú). Is féidir an deontas seo a chur chuig costas iomlán na hoibre
agus CBL curtha san áireamh.
ta: Níl deontas ar fáil má tá ioncam an teaghlaigh níos mó ná €60,000 nuair a chuirtear na
liúntais i bhfeidhm.
Má thuileann tusa agus na daoine atá i do theaghlach €60,000 nó níos lú, tar éis na
neamhairde agus na liúntais a chur i bhfeidhm, is féidir leat an tábla thíos a léamh chun an
t-eolas iomlán a fheiceáil maidir le méid an deontais ar féidir leat a fháil.
Ioncam teaghlaigh bliantúil Céatadán na gcostas Uasmhéid an deontais
Suas go €30,000 95% €8,000
€30,001 - €35,000 85% €6,800
€35,001 - €40,000 75% €6,000
€40,001 - €50,000 50% €4,000
€50,001 - €60,000 30% €2,400
Os cionn €60,000 Níl aon deontas le híoc Níl aon deontas le híoc
Sampla
Má tá ioncam teaghlaigh de €45,000 agat tar éis na liúntais a bhaint, gheobhaidh tú
deontas ar 50% de chostas na hoibre agus beidh uasmhéid de €4,000 ar an obair sin.
Ciallaíonn sé sin má chosnaíonn an obair ar an teach €10,000 agus CBL curtha san
áireamh, ní chlúdóidh an deontas ach €4,000 agus ní €5,000.
Leathanach 8 de 22
Eolas tábhachtach maidir le
hioncam
Cén onchar a bheidh ag d’ioncam teaghlaigh ar mhéid an deontais
Má éiríonn le d’iarratas, braithdh méid an deontais a gheobhaidh tú ar an ioncam
teaghlaigh a bhí agat don bhliain cánach roimh sin. Agus an méid á ríomh ag d’údarás áitiúil,
cuirdh siad san áireamh:
a) an t-airgead a thuill na daoine atá ina gcónaí sa teach atá 18 mbliana d'aois nó níos sine
ach amháin iad siúd atá in oideachas lánaimseartha atá faoi bhun 23 bliana d'aois; agus
b) ioncam an úinéara réadmhaoine cláraithe (agus céile, más ann nó nó di) mura bhfuil do
theach:
Ar cíos ó thiarna talún, agus is féidir leat comhaontú tionóntachta a sholáthar atá
cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB);
Chuir Comhlacht Ceadaithe Tithíochta an teach ar fáil (tá liosta de Chomhlachtaí
Ceadaithe Tithíochta le fáil ag www.housing.gov.ie);
Is teach cónaithe comhroinnte é- cóiríocht ina bhfuil daoine ina gcónaí le chéile i
dtithe grúpaí.
Eolas ar Neamhairde
Tá roinnt íocaíochtaí ann ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS)
nach gcuirtear san áireamh nuair athár ag ríomh d’ioncam teaghlaigh. Neamhairde a thugtar
orthu siúd agus áirítear leo:
Sochar/Liúntas Cúramóra
Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
Sochar Linbh
Liúntas Chúram Tí
Deontas Chúram Altrama
Liúntas Breosla
Pacáiste Sochair Teaghlaigh
Liúntas Maireachtála Aonair
Íocaíocht Teaghlaigh Oibre
Leathanach 9 de 22
Eolas ar Asbhain
Tá dhá saghas asbhaint ann a laghdaíonn méid an ioncaim teaghlaigh a chuireann d’údarás
áitiúil san áireamh. Áirítear leo:
1. Táasbhaintde€5,000ibhfeidhmdogachballteaghlaighatá
Faoi bhun 18 bliain d’aois;
Faoi bhun 23 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha nó ag déanamh
printíseachta SOLAS (tugadh FÁS air roimhe seo).
2. Asbhaintde€5,000mátágaolimbuncúraimgolánaimsearthadonduineatáagcur
isteacharandeontas.
Sampla:
Teaghlach a bhfuil ioncam teaghlaigh €45,000 sa bhliain acu
Seo sampla de conas a théann na neamhairde agus na hasbhaintí i bhfeidhm ar
theaghlach
Tá ioncam teaghlaigh ag Muintir Uí Riain don bhliain cánach roimhe sin de €45,000,
agus tá sochar linbh de €1,680 san áireamh leis seo.
Cadiadnarudaíadhéanannant-údarásáiúilneamhairdorthu
a) Déanfaidh an t-údarás áitiúil neamhaird den sochar linbh (ní chuirdh sé san
áireamh) de €1,680 nuair atá sé ag ríomh cé mhéad den deontas a íocfar le Muintir
Uí Riain.
Laghdaítear an t-ioncam teaghlaigh a chuireann an t-údarás áitiúil san áireamh go
dtí €43,320. (Seo hí an chúis: €45,000 - €1,680 = €43,320)
Asbhain
b) Tá mac amháin ag Muintir Uí Riain atá 12 bliain d’aois atá sa bhunscoil agus iníon atá
20 blain d’aois agus in oideachas lánaimseartha. Tá asbhaint de €5,000 le haghaidh
gach ceann de na cleithiúnaithe seo, is é sin €10,000.
Anois is é an méid ioncam teaghlaigh a chuirdh an t-údarás áitiúil san áireamh ná
€33,320. (Seo hí an chúis: €43,320 - €10,000 = €33,320)
c) Tá gaol ann freisin i mbun cúraim lánaimseartha don duine atá ag cur isteach ar an
deontas. Ciallaíonn sé sin go bhfuil asbhaint eile ann de €5,000 ón ioncam teaghlaigh
iomlán.
Anois is é an méid ioncam teaghlaigh a chuirdh an t-údarás áitiúil san áireamh ná
€28,320 (Seo hí an chúis: €33,320 - €5,000 = €28,320)
Ioncam deiridh a chuirtear san áireamh
Is é an t-ioncam deiridh a chuirdh an t-údarás áitiúil san áireamh ná €28,320 nuair
a bheidh an deontas á bhronnadh acu. Ciallaíonn sé sin go mbeidh an teaghlach seo
ábalta an deontas is airde a fháil
Leathanach 10 de 22
Foirm Iarratais
Ledothoil,cuircsabhosca in aice leis an deontas ar mhaith leat cur isteach
air.Murabhfuilaiosagatcéacudenadeontaisarchóirduitcuristeachair,is
féidirleatteagmháiladhéanamhled’údarásáiúilchuncabhairaáil.
Isféidirleatanoirmseoaúsáidchuncuristeacharníosmónádeontas
amháinaganamcéanna.
Bí cinnte go gcuireann tú an t-eolas agus na doiciméid go léir isteach a
riachtanachdoniarratas.
Deontas um Oiriúnú Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas
Deontas Áiseanna Soghluaiseachta
Deontas Cúnaimh Tithíochta do Sheanóirí
FreagairgachceistagusbainúsáidasCEANNLITREACHAledothoil.
Sonraí an té atá ag líonadh isteach an oirm iarratais seo
Ainm
Seoladh
Éirchód
Dáta breithe
DD/MM/YYYY
Uimhir PSP
Seoladh
ríomhphoist
Uimhir ghutháin
Leathanach 11 de 22
Sonraí an té atá ag comhlánú an oirm iarratais seo
(má tá sé difriúil ó na sonraí thuas)
Ainm
Seoladh
Éirchód
Seoladh
ríomhphoist
Uimhir ghutháin
Gaolmhaireacht
leis an duine atá
ag cur isteach ar
an deontas
Cuir c sa bhosca más amhlaidh
gur íocadh aon cheann de na
deontais seo don teach nó don
duine céanna
Deontas um Oiriúnú Tithe do Dhaoine
faoi Mhíchumas
DeontasÁiseannaSoghluaiseachta
Deontas Cúnaimh Tithíochta do Sheanóirí
Is a relave caring full-me for the person who the grant is for?
l
Más ea, tabhair sonraí maidir leis an ngaol sin
Ainm
Gaolmhaireacht
leis an duine atá
ag cur isteach ar
an deontas
Leathanach 12 de 22
Sonraí maidir leis an teach ina ndéanfar an obair
Ainm an
Úinéara
Seoladh an
 ina ndéanfar
an obair
Éirchód
Cén ad a bhfuil an duine atá ag cur isteach ar an deontas ina chónaí anseo?
An mbeidh an duine atá ag cur isteach ar an deontas ina
chónaí anseo nuair a bheidh an obair críochnaithe?
Iscoinníolldendeontaséseo.
Beidh
Ní bheidh
Cé leis an teach?
Is leatsa nó le do chlann é
Tiarna talún nó or Comhlacht Ceadaithe Tithíochta
An tÚdarás Áitiúil
Cuir c sa bhosca is fearr a chuireann
síos ar an teach.
Scoite Leathscoite
Teachsraithe Árasán
Ar tógadh an teach sa 12 mhí atá díreach thart?
l
An bhfuil an teach cáin-chomhlíontach leis an gCáin Mhaoine Áiúil?
l
Beidh ort cruthúnas a sheoladh go dtí d’údarás áiltiúil go bhfuil an Cháin Mhaoine Áitiúil
suas chun dáta i leith an tí ina ndéanfar an obair. Is féidir leat litir a fháil ó na Coimisinéirí
Ioncaim nó do thaifead ar líne a phriontáil. Beidh le feiceáil ann
go bhfuil an cháin seo íoctha agat ;
iarchur (íocfaidh tú an Cháin Mhaoine Áitiúil níos déanaí);
díolúine ón gCáin Mhaoine Áitiúil.
Leathanach 13 de 22
Inis dúinn, le do thoil, cé mhéad seomra difriúil atá sa teach:
Seomraí
leapa
Seomraí
folctha
Seomraí
suí
Seomraí
bia
Cisn Eile
Thuas
staighre
Thíos
staighre
Ba chóir duit comhairle ghairmiúil a áil sula líonann tú isteach an chéad mhír eile.
Scríobh liosta den obair ar mian leat go ndéanfaí í i do theach
Cé mhéad is dóigh leat a chosnóidh an obair agus CBL san áireamh?
€
An féidir leat íoc as aon chostas breise nach bhfuil
clúdaithe ag an deontas?
Is féidir
Ní féidir
Ní mór d’úinéirí  a bheith ar an eolas faoina bhfreagrachtaí faoi Rialacháin
Sábháilteachta agus Sláinte ag an Obair (Tógáil) 2013 (féach ar www.hsa.ie le
haghaidh tuilleadh eolais).
Mácheadaíteardodheontasagusmurabhfuilnarudaíseosuiteáileagatcheanaféin,
beidh ort iad a shuiteáil:
l ar a laghad dhá aláram deataigh/teasa – glanscartha agus le cadhnra 10 mbliana;
l brathadóir aonocsaíd charbóin má bhaineann tú úsáid as córas teasa iontaise cosúil le
gás nó gual. Ní mór don bhrathadóir aonocsaíd charbóin an caighdeán a chomhlíonadh –
EN 50291 (marcáilte ar an mbosca).
Cé mhéad aláraim atá
suiteáilte cheana féin sa
teach ina ndéanfar an obair?
Aláraim deataigh/teasa
Brathadóirí aonocsaíd charbóin
Leathanach 14 de 22
Sonraí ioncaim mhuinr an teaghlaigh
Sa tábla thíos, cuir isteach na sonraí ioncaim don bhliain cánach roimhe seo de
a) all daoine atá ina gcónaí sa teach atá 18 mbliana d'aois nó níos sine ach amháin iad siúd
atá in oideachas lánaimseartha atá faoi bhun 23 bliana d'aois; agus
b) úinéir cláraithe réadmhaoine (agus céile má bhaineann sé le hábhar) mura bhfuil do
theach:
Ar cíos ó thiarna talún, agus is féidir leat comhaontú tionóntachta a sholáthar atá
cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB)
Chuir Comhlacht Ceadaithe Tithíochta an teach ar fáil (tá liosta de Chomhlachtaí
Ceadaithe Tithíochta le fáil ag www.housing.gov.ie);
Is teach cónaithe comhroinnte é- cóiríocht ina bhfuil daoine ina gcónaí le chéile i
dtithe grúpaí
Cuir isteach freisin an duine atá ag cur isteach ar an deontas (má bhaineann
sé le hábhar). .
Ainm Gaolmhaireacht
leis an duine atá
ag cur isteach ar
an deontas
Dáta breithe
LL/MM/BBBB
Uimhir PSP
Ioncam
incháinithe
(airgead tuillte)
ón bhliain cánach
roimhe sin
Leathanach 15 de 22
Sonraí na gcleithiúnaithe sa teaghlach:
Sa tábla thíos, tabhair sonraí, le do thoil, de gach cleithiúnach atá ina chónaí sa teach atá:
18 bliain d’aois nó níos sine;
Faoi bhun 23 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha nó ag déanamh
printíseachta SOLAS (tugadh FÁS air roimhe seo).
Cuir isteach freisin an duine atá ag cur isteach ar an deontas (má bhaineann sé le hábhar).
Ainm Gaolmhaireacht
leis an duine atá
ag cur isteach ar
an deontas
Dáta breithe
LL/MM/BBBB
Ainm scoile nó coláiste
(má bhaineann sé le
hábhar)
Leathanach 16 de 22
Sonraí maidir le d’ioncam
Nuair atá tú ag cur isteach ar dheontas, ní mór duit cruthúnas a sheoladh de d’ioncam
teaghlaigh don bhliain cánach roimhe sin in éineacht le d’iarratas. Déanfaimid cur síos
anois ar cad iad na doiciméid is gá a sheoladh go dtí d’údarás áiltiúil bunaithe ar cheithre
sórt ioncaim.
1. Oibrithe ÍMAT
Le do thoil, cuir isteach Ráiteas Deireadh Bliana (P21) don bhliain cánach roimhe sin.
Is féidir leat do Ráiteas Deireadh Bliana (P21) a fheiceáil ar líne agus é a phriontáil.
Beidh ort cuntas a chruthú ar dtús ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim
(www.revenue.ie).
Chun clárú, ní mór do gach iarratasóir na rudaí seo a bheith aige nó aici:
Uimhir PSP;
Dáta breithe;
Uimhir fón póca nó uimhir líne talún;
seoltaí: baile agus ríomhphoist.
l aon ríomhphost agat? Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost nó ar an idirlíon, cur
glaoch ar 1890 306 706 agus iarr orthu “Foirm 12 Tuairisceáin Ioncaim” a chur go dtí do
sheoladh. Beidh ort an fhoirm seo a chomhlánú agus í a chur ar ais go dtí oig áitiúil na
gCoimisinéirí Ioncaim chun Ráiteas Deireadh Bliana a fháil (P21).
2. Daoine féinmheasúnú/féinostaithe
Cuir isteach cóip, le do thoil, de “Féinmheasúnú – Caibidil 4 de Chuid 41A TCA 1997
Measúnú Cánach Ioncaim.
Seolann na Coimisinéirí Ioncaim an doiciméad seo chugat nuair a chuireann tú “Foirm 11
Tuairisceáin Ioncaim” chucu, ar líne ag www.ros.ie nó trí leagan páipéir den fhoirm a chur
chuig d’oig cánach áitiúil.
3. Daoine a aigheann ioncam ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce
Sóisialta (RGFCS)
De ghnáth cuirtear an t-ioncam seo ar Ráiteas Deireadh Bliana (P21) nó ar Mheasúnú
Ioncam Cánach.. Mura n-áirítear d’ioncam ón RGFCS, beidh ort ráiteas a fháil ón
RGFCS a thaispeánann cé mhéad a fuair tú sa bhliain cánach roimhe sin. Tá an fhoirm
seo le fáil ó www.welfare.ie nó ó d’oig áitiúil RGFCS.
4. Pinsinéirí Stáit
Cuir isteach ceann amháin de na rudaí seo a leanas don bhliain cánach roimhe seo:
Ráiteas íocaíochta ón RGFCS;
Duillín pinsin;
Ráiteas bainc.
Leathanach 17 de 22
Teastas Dochtúra
Ní mór do do Dhochtúir an mhír seo a chomhlánú má tá tú ag cur isteach ar:
Deontas um Oiriúnú Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas; agus/
Deontas Áiseanna Soghluaiseachta.
Má tá tú ag cur isteach ar Dheontas Cúnaimh Tithíochta do Sheanóirí (féach lch 6), ní gá duit
an mhír seo a chomhlanú. Má tá práinn ag baint le d’iarratas, áfách, de bharr faidbhe sláinte,
iarr ar do Dhoctúir an mhír seo a chomhlánú.
Sonraí an duine atá ag cur isteach ar an deontas
FreagairgachceistagusbainúsáidasCEANNLITREACHAledothoil.
Ainm
Seoladh
Fadbhanna
sláinte suers
atá ag an duine
Cineál agus
tromchúis an
mhíchumais nó
na faidbhe
soghluaiseachta
problem:
An úsáideoir lánaimseartha iad de chathaoir rothaí?
Is iad
Ní hiad
Leathanach 18 de 22
Teastas Dochtúra (ar lean)
Chuncabhrúlinncinneadhadhéanamhmaidirlepráinnaniarratais,cuirc sa bhosca
cuí,ledothoil:
Tosaíocht 1:
Níl biseach i ndán don duine tá sé/sí ag brath go hiomlán ar an
gclann nó ar chúramóir;
Chuirfeadh oiriúnaithe sa teach ar chumas an duine an t-ospidéal/
cúram cónaithe a fhágáil, nó bheadh laghdú ann ar shealanna san
ospidéal amach anseo.
Tosaíocht 2:
Tá an duine gluaisteach ach tá cabhair ag teastáil uathu chun teacht ar
áiseanna níochána, leithris, seomra leapa srl;
l Bheadh an duine níos measa as maidir le feidhmiú go neamhspleách
gan na hoiriúnaithe.
Tosaíocht 3:
Tá an duine neamhspleách ach tá gá le háiseanna speisialta chun
feabhas a chur ar an gcaighdeán saoil, mar shampla, seomra leapa nó
spás cónaithe faoi leith.
Sonraí an Dochtúra:
Ainm an
Dochtúra
Seoladh
Uimhir ghutháin
Sínithe: _______________________________________________________ Dáta: _________________________
Stampa an
Dochtúra
Leathanach 19 de 22
Cosaint Sonraí
De réir an dlí, ní mór d’iarratasóirí roinnt sonraí pearsanta a sholáthar san fhoirm seo ionas
gur féidir linn ár gcuid oibre a dhéanamh. Caithimid leis an bhfaisnéis agus leis na sonraí
pearsanta sin go léir go rúnda. Déanaimid é seo de réir an Rialacháin Ginearálta maidir le
Cosaint Sonraí agus Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.
Chun an t-iarratas seo a phróiseáil, tabhair do d’aire go bhféadfaimis do shonraí pearsanta
(faisnéis) a roinnt leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil mar aon le teiripeoirí
saothair.
Is féidir leat sonraí ár bPolasaí um Chosaint Sonraí agus Ráitis Phríobháideahcais a léamh
ar shuíomh gréasáin d’údarás áitiúil. Míníonn an polasaí conas agus cén fáth a n-úsáidimid
sonraí pearsanta, agus sholáthraíonn sé faisnéis faoi do chearta mar ábhar sonraí. Tá an
polasaí le fáil freisin i bhformáid páipéir ach é a iarradh ó oig d’údaráis áitiúil
Deimhniú
Deimhním go bhfuil an fhaisnéis agus na sonraí atá tugtha agam san iarratas seo fíor
agus ceart.
Síniú an duine atá ag cur isteach ar an deontas:
_______________________________________________
Dáta: ____________________
Síniú an duine a chabhraigh leis an bhfoirm seo: ______________________________________________
Dáta: ____________________
Má bhaineann sé le hábhar, tugaim cead don údarás áitiúil an t-iarratas seo a phlé leis an
duine a chomhlánaigh an fhoirm ar mo shon.
Cuircmáaontaíonntúleisseo:
Sea
Ní hea
(má bhaineann sé le hábhar)
Leathanach 20 de 22
Seicliosta de na rudaí ar chóir a
chur isteach leis an bhfoirm seo
Cuirfear moill ar d’iarratas má tá sonraí agus doiciméid in easnamh. Cahbróidh an seicliosta
seo leat na doiciméid go léir a sheoladh atá riachtanach chun déileáil le d’iarratas.
Tá sé riachtanach na rudaí seo a chur le gach iarrastas:
anFhoirmseo. Comhlánaithe go hiomlán.
Fianaise ioncaim (féach lch16 le haghaidh sonraí).
Cuir cruthúnas ar gach ioncam tuillte ag:
na daoine go léir atá ina gcónaí sa teach atá 18 mbliana d'aois nó níos sine ach
amháin iad siúd atá in oideachas lánaimseartha atá faoi bhun 23 bliana d'aois; agus
úinéir na maoine cláraithe (agus céile, más ann dó) mura bhfuil do theach ar cíos
ó thiarna talún, arna sholáthar ag Comhlacht Tithíochta Ceadaithe nó gur teach
comhroinnte é.
ComhlíontachtleCáinMhaoineÁiúil (Ich12 le haghaidh sonraí).
Cuir isteach cruthúnas go bhfuil an teach comhlíontach leis an gCáin Mhaoine Áitiúil.
Má tá an teacharcíos, beidh ort na rudaí seo a fháil ón tiarna talún:
Fianaise go gcomhlíonann an teach an Cháin Mhaoine Áitiúil; agus
Comhaontú tionóntachta cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe
(RTB); agus
Litir ina bhfuil cead tugtha an obair a dhéanamh.
Má tá an teach faoi únéireacht ag Comhlacht Ceadaithe Tithíochta nó is teach cónaithe
comhroinnte, beidh ort na rudaí seo a fháil:
Fianaise go gcomhlíonann an teach an Cháin Mhaoine Áitiúil; agus
Litir ina bhfuil cead tugtha an obair a dhéanamh.
Teastas Dochtúra comhlánaithe (lch17-18 a bhfuil stampa agus síniú do dhochtúra air).
sé seo riachtanach chun an dá rud a leanas a fháil:
Deontas um Oiriúnú Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas; agus/
Deontas Áiseanna Soghluaiseachta.
l an Teastas Dochtúra riachtanach don Deontas Cúnaimh Tithíochta do Sheanóirí
mura bhfuil práinn ag baint le d’iarrtas de bharr faidbhe sláinte.
Teastaíonncáipéisíbreiseiroinntiarratas,agusinseoimidduitfaoiseoarangcéad
leathanacheile.
Leathanach 21 de 22
Seicliosta (ar lean)
Ní mór an tuairisc seo a leanas a chur freisin le hiarratas le haghaidh
Deontais um Oiriúnú Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas:
Tuairisc ó theiripeoir saothair má tá tú
ag cur isteach ar athrú mór ar an úsáid a bhainfear as seomra sa teach, cathaoir
staighre a chur isteach nó síneadh a dhéanamh. Mura féidir leat an tuairisc a
sholáthar, is féidir leis an údarás áitiúil é sin a shocrú duit.
Ní mór freisin an tuairisc seo a chur isteach le hiarratas le haghaidh
Deontas Áiseanna Soghluaiseachta:
Tuairisc ó theiripeoir saothair má tá tú
… ag cur isteach ar dheontas chun cathaoir staighre a chur isteach. Mura féidir leat an
tuairisc a sholáthar, is féidir leis an údarás áitiúil é sin a shocrú duit.
Le cur isteach freisin san iarratas le haghaidh Deontais Cúnaimh
Tithíochta do Sheanóirí:
Deisiúcháin dín; Ní mór duit litir a chur leis an iarratas ó do chomhlacht árachais ina
bhfuil sé ráite nach gclúdaíonn do pholasaí na deisiúcháin seo.
Uasghrádú ar sreangú leictreach; Ní mór duit tuairisc a chur leis an iarratas ag cur
síos ar na deisiúcháin atá riachtanach. Ní mór don leictreoir seo a bheith cláraithe le
Clár Chonraitheoirí Leictreachais na hÉireann.
Córas teasa lárnach; Más gá uasghrádú á dhéanamh ar ar gcóras teasa atá agat, ní
mór duit tuairisc a chur leis an iarratas seo ó chonraitheoir teasa ina bhfuile sé ráite
nach féidir an córas teasa reatha a dheisiú ‘go heacnamaíoch. Ciallaíonn sé seo nach
bhfuil sé cost-éifeachtúil é a dheisiú agus gurbh fhearr córas nua a chur isteach.
Leathanach 22 de 22
Cad a tharlaíonn anois?
Ca a tharlaíonn nuair a chuirim isteach m’iarratas?
Déanfaidhd’údarásáiúilnarudaíseoaleanas:
1. Seiceálfaidh sé go bhfuil sé iomlán agus déanfar coinne leat chun cuairt a thabhairt ort
sa bhaile;
2. Déanfaidh sé socrú chun go dtabharfaidh teicneoir cuairt ar an teach chun a chinntiú
gur féidir an obair a dhéanamh, agus go n-oireann sé do riachtanais an duine;
3. Scríobhfaidh sé chugat chun a insint duit ar éirigh le d’iarratas chomh maith le méid an
deontais atá le bronnadh;
4. Iarrfaidh sé ort eolas a sheoladh ón gconraitheoir atá chun an obair a dhéanamh, mar
shampla: meastachán; agus uimhir thagartha cánach chun seiceáil a dhéanamh ar shonraí
deimhnithe cánach an chonraitheora;
5. Lorgóidh siad sonraí cuntais bhainc ina n-íocfar an deontas nuair a bheidh an obair
críochnaithe.
Tuilleadh eolais a d’éadfadh a bheith riachtanach do d’údarás áiúil
D’éadfadhd’údarásáiúldoiciméidbhreisealorguait,marshampla:
Litir ó scoil nó ó choláiste a dheimhníonn go bhfuil ball teaghlaigh ag freastal air;
Cruthúnas ioncaim bhreise;
Litir a dheimhníonn go bhfuil ceart cónaithe agat sa teach;
Fianaise go bhfuil cead pleanála ann nó teastas diolúine faoi na nAchtanna Pleanála.
Deontais os cionn €10,000
Má tá an deontas faofa os cionn €10,000, beidh ort deimhniú imréitigh cánach a fháil ó na
Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat cur isteach ar imréiteach cánach trí sheirbhís ar líne na
gCoimisinéirí ag www.revenue.ie. Mura bhful rochtain agat ar an idirlíon, cur glaoch ar
1890 306 706 agus iarr orthu “TC1” a chur go dtí do sheoladh.
Ní mór duit an fhoirm iarratais chomhlánaithe le haghaidh imréitigh cánach a chur chuig
Seirbhísí Custaiméirí, Rannóg an Ard-Bhailitheora, Sráid Phroinséis, Luimneach, V94 R972.
Mura n-éiríonn leat leis an deontas, is féidir leat achomharc a dhéanamh
Uaireanta ní éiríonn le hiarratas a chuirtear chuig an údarás áitiúil. Mura n-éiríonn le
d’iarratas, is féidir leat scríobh chuig d’údarás áitiúil chun achomharc a dhéanamh. Ní mór
duit scríobh laisghdethríseachtaineóndátaarinneadhanchéadchinneadh, agus míniú
soiléir a thabhairt ar an fáth a bhfuil achomharc á dhéanamh agat. Ansin déanfaidh oigeach
ón údarás áitiúil nach raibh bainteach leis an gcéad measúnú, déanfaidh sé nó sí measúnú ar
an achomharc agus beidh sé nó sí i dteagmháil nuair a bheidh an toradh ann. D’fhéadfadh an
achomharc seo suas go sé seachtaine a thógáil.
Go raibh maith agat as an bhfoirm seo a chomhlánú.
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil, le do thoil, le d’údarás áitiúil.